StatCounter

Monday 22 December 2014

Seoid bliantúil



Thug mé aghaidh ar Ardeaglais Pádraig Naofa inné lem' mhuirín(-ín) - rud a dhéanaimid chuile bhliain (san stair ghearr s'againne !). Ba chúis an cúairt ná an "Féile Naoi Ceachtanna & Carúil".
Is iomaí a chloisim an gearán an tseachtain seo ná "ní airím go bhfuil an Nollaig ann" - bhuel níl réitheach níos fearr ná cuiart a thabhairt chuig an ócáid seo. 
Thosaigh sé ag a 15:15, ach ó 15:00 amach fearann clogás na hArdeaglaise fáilte roimh muintir na cathrach - dár ndóigh, eiríonn sé níos glóraí agus tú ag tarraingt air - is iontach an taithí. Is chuimhin liom an fhoireann mhór clog ag Ardeaglias Chartres na bhFraince - cé nach raibh binneas cheoil astu, b'é a gcumhacht a chuimhním air - bhíodh gliogar ar na cnámh ! Agus an gliogar chéana ag na hEorpaigh san 12ú aois !
Bhí scuaine lasmuigh, rud nár fhaca muid roimhe ach rud a bhí súile. Ag teacht isteach, na colúin ársa móra ag síneadh i bhfad os cionn, ag éisteacht le "Once in royal David's city" - níl a leithéad ann - tá sé (sa chiall dílis don fhocail) awsome !
Níl sé riachtanach le bheith cráifeach chun a bheith corraithe le Scéal na Nollag. Bhí an scéal fhéin léirithe trína ceachtanna le carúil agus iomainn álainn idir eatarthu, In Dulci Jubilo (14ú aois), Deo Gracias (15ú aois), In the Bleak Mid-winter - ceol dodhearmadta álainn ! Cúpla eile nár chuala muid cheana agus cúpla sean-cheann as scoil gach éinne, O Come All Ye Faithful agus Hark the Herald. 
Tagann Cór na hArdeaglaise, Cór na Buachaillí agus Cór na Cailiní le chéile don lá seo. Leis an orgán mór agus an taithí iomlán, níl aon amhras go bhfuil an Nollaig ann. 








No comments:

Post a Comment